Tech Féile 2021 – Bí Páirteach!

Ó chluichíocht fíorúil go láithreoireacht, tá níos mó bealaí ná ariamh do dhaoine óga a bheith páirteach i Tech Féile! Féach ar chuid de na bealaí sin thíos.

Láithreoirí agus Ceoltóirí Óga – Tá Sibh Uainn!

Ar tusa talann na todhchaí?

Láithreoirí agus Ceoltóirí Óga – Tá Sibh Uainn!

Mar is iondúil, teastaíonn uainn daoine óga a bheith lárnach i ngach gné de Tech Feile. Táimid sa tóir ar láithreoirí agus ceolóirí óga le bheith páirteach sa searmanas i mbliana. Fonn ort tabhairt faoi? 

Láithreoirí Óga

Láithreoirí Óga

An bhfuil fonn ort a bheith ag obair sna meáin, nó a bheith i do láithreoir? Táimid ag tabhairt deis do chúigear láithreoirí óga a bheith mar dhlúthchuid de shearmanas Tech Féile agus aíonna a chur faoi agallamh le linn searmanas beo Gradaim Tech Féile 2021. 

Má tá spéis agat ann, níl le déanamh ach: 

  • Líon isteach  an fhoirm seo
  • Cuir clip 60 soicind leis agus le sampla díot i mbun láithreoireachta

Iarratais le bheith istigh faoin 19 Feabhra.

Ceoltóirí & Bannaí Óga

Ceoltóirí & Bannaí Óga

An maith leat a bheith ar an stáitse? Ar bhfuil tú i mbanna ceoil? Ar mhaith leat deis a bheith agat físeán ceoil a thaifead? Táimid ag tabhairt deis do chúigear ceoltóirí óga nó bannaí ceoil físeán ceoil dá gcuid féin a thaifead a bheas mar chuid de shearmanas beo Tech Féile 2021. 

Má ceoltóir óg thú, nó, má tá tú i mbanna ceoil óg, agus ag iarraidh bheith páirteach i Tech Féile 2021, níl le déanamh ach: 

  • Líon isteach an fhoirm seo
  • Cuir físeán ceoil leis

Iarratais le bheith istigh faoin 19 Feabhra.

Virtual Gaeltacht Gaming Cluichíocht Ghaeltachta Fíorúil

Ardán idirghníomach: Bí páirteach i Dúshlán Idirghníomhach& Tóg spás fíorúil

Virtual Gaeltacht Gaming Cluichíocht Ghaeltachta Fíorúil

Tabharfar cuireadh d’oideachasóirí agus daoine óga a bheith páirteach sa chluichíocht spraíúil ar líne seo mar chuid de Tech Féile 2021. 

Tuilleadh sonraí le teacht ar an gceann seo, mar sin, coinnigí súil … 

Inis bhr Scéal

Inis bhr Scéal

I mbliana, ba mhaith linn bhur scéalta TechSpace, agus an aistir thionscadail Tech Féile a roinnt ar ár suíomh idirlín. 

Más mian leat píosa beag a scríobh, grianghraf a sheoladh isteach, nó físeán a chruthú, seol isteach chugainn iad, agus cuirfimid le blag Tech Féile iad!