Déanann Foireann TechSpace le Camara Education Éire gach iaracht straitéisí oideachais sa Chruthaitheacht Dhigiteach agus i STEAM a leagan amach chun go ndéanfaí foghlaim de bhun déanta agus chun eispéiris forbartha foghlama a chur ar fáil do Mhúinteoirí, d’Oibrithe Óige agus do Dhaoine Óga ar fud na hÉireann.

Códú cruthaitheach: is féidir le scileanna teicniúla dlús a chur faoi shaol na samhlaíochta
“Tá uirlisí teicneolaíochta cosúil le scuaba péinteála an 21ú haois do dhaoine óga,” a deir Jen Hesnan, bainisteoir an chláir TechSpace le Camara Education Ireland. “Níl aon teorainn,” a deir sí, “leis an teicneolaíocht agus leis na gairmeacha agus deiseanna cruthaitheacha agus eascraíonn aisti.

Seolann TechSpace Féile Chruthaitheachta Tech Fest i bPictiúrlann an Lighthouse
Tá TechSpace, cuibhreannas neamhbhrabúis a fhorbraíonn an chruthaitheacht dhigiteach i measc daoine óga, ag seoladh Féile Teicneolaíochta Cruthaithí, an chéad cheann d’imeachtaí bliantúla as seo amach a chuirfidh saothar daoine óga i TechSpaces ar fud na tíre ar taispeáint.

An saol ar a dtoil acu
Thaispeáin breis agus 300 de na déagóirí is éirimiúla in Éirinn a saothar eolaíochta agus teicneolaíochta ag ESB Creative Tech Fest.

Irish independent - In my opinion... Jen Hesnan
Nuair a úsáidtear go sábháilte agus go héifeachtúil iad d’fhéadfadh gur uirlisí iontacha iad na meáin dhigiteacha agus teicneolaíochtaí nua chun fiosracht, cruthaitheacht agus muinín daoine óga a ghríosadh. Is féidir leo a bhfeasacht agus a rannpháirtíocht shóisialta a fheabhsú mar shaoránaigh ghníomhacha. Is féidir leo cabhrú lena dtuiscint orthu féin mar ghníomhairí agus a chur ar a gcumas eolas agus scileanna nua a fhorbairt, agus a nguthanna a chur in iúl.
Céard atá ar siúl?





TREOIR LE HAGHAIDH OIBRE ÓIGE DIGITEACHTA
Screenagers
Cuireann obair óige digiteachta deis iontach ar fáil d’oibrithe óige a gcuid éifeachtachta le daoine óga a mhéadú. Cuireadh an treoir seo le chéile chun cuidiú le daoine atá ag tosú ag déanamh obair óige digiteachta nasc a fheiceáil idir í agus torthaí oibre óige agus teanga agus téarmaíocht chomhroinnte a chothú d’obair óige digiteachta.

Gníomhaíochtaí Déantóra in Obair Óige
Baineann an teicneolaíocht le gach gné dár saol. D’fhás daoine óga aníos i ndomhan teicneolaíoch agus is minic a bhíonn siad chun tosaigh maidir le leas a bhaint as na teicneolaíochtaí is déanaí. Is é a thoradh sin go gcuireann fás tapa na teicneolaíochta brú ar réimse na hoibre óige: conas is féidir linn dul in oiriúint d’fhorbairt leanúnach na teicneolaíochta agus an digitiúcháin agus ár ngníomhaíochtaí a thabhairt cothrom le dáta da bharr? Conas is fearr is féidir linn tacú le fás daoine óga sa tsochaí dhigitithe seo?
Déan Teagmháil Linn
Cuir tús le do thuras

Is féidir níos mó eolais a fháil faoinár gclár oiliúna nó a fháil amach an bhfuil tú i dteideal ceann de thionscadail mhaoinithe TechSpace ach teagmháil a dhéanamh linn.