Gach eolas a bheas ag teastáil is tú ag tabhairt faoi is ag cur isteach do thionscadal Tech Féile 2021.

Eochairdhátaí do Sheoladh Isteach Tionscadail
Seol isteach smaointí do thionscadail
- 29 Eanáir 2021
Tionscadail a thabhairt chun críche agus seoladh isteach
- 12 Márta 2021

Roinn do Thuras
Foirm Iarratais agus Físeán
Agus sibh ag seoladh isteach tionscadail, iarrfar ar gach scoil físeán cur i láthair AGUS Aistear Vlogála a roinnt linn.
Físeán Cur i Láthair
Físeán 3–5 nóiméad ag déanamh cur síos ar do thionscadal. Rudaí a d’fhéadfá a chur san áireamh i d’fhíseán ná:
- Cé sibh? Tabhair ainm do scoile, agus cén áit atá sibh lonnaithe.
- Líne gonta faoi céard é do thionscadal, le tuilleadh eolais faoin tionscadal ina dhiaidh sin, agus cén fáth gur roghnaidh sibh é.
- Cé a bhí páirteach sa tionscadal?
- Conas a d’oibrigh sibh lena chéile ar an tionscadal?
- Cé mhéid ama a chaith sibh air?
- Céard a d’fhoghlaim sibh?
Bainfear úsáid as na físeáin seo don mholtóireacht. Beidh an fhoirm le cur isteach ar na gradaim ar fáil anseo ó mhí Feabhra ar aghaidh.
Aistear Vlogála
Chomhmaith leis an bhfíseán cur i láthair, táimid ag iarraid Vlog le d’aistear Tech Féile. Cuir grianghraif, agallaimh, físeáin – rud ar bith atá uait – isteach le d’aistear a roinnt linn trí físdialann.

Measúnú
Déanfar measúnú bunaithe ar na nithe seo a leanas:
An Smaoineamh
An smaoineamh é féin.
Cur i Láthair
Tabharfaidh d’fhíseán cur i láthair buneolas dúinn ar do thionscadal.
An Tionscadal Féin
Conas a d’éirigh leis an smaoineamh a bhí agat. Breathnóimid ar an tionscadal críochnaithe.
Aistear Vlogála
Tabharfaidh d’aistear vlogála tuilleadh eolais dúinn faoin méid a rinne tú le do thionscadal.