
Gradaim Creative Tech Fest ESB 2020

Ar déantóir thú? Cruthaitheoir? Innealtóir? Tástálaí? Duine a réitíonn fadhbanna?
Ó theicneolaíocht chúnta go códú cluichí – níl srian leis na féidearthachtaí don chatagóir STEAM! Bronntar an gradam STEAM orthu siúd a thrasnaíonn teorainn, a spreagann, a léiríonn cumas na teicneolaíochta i réiteach fadhbanna an 21ú haois.
Beidh duaiseann ar fháil go gradaim STEAM –
Gradam STEAM, Tionscadal STEAM Inbhuanaithe, Foinse Fuinnimh na Todhchaí, Gradam Innealtóir na Samhlaíochta
Ar beochantóir thú? Déantóir Scannán? Grianghrafadóir? Dearthóir? Ceoltóir? Craoltóir?
Tarraing amach an micreafón, an gceamara, na bogearraí cruthaitheacha agus cuir isteach ar ghradam na méain chruthaitheacha le haghaidh ESB Cretaive Tech Fest 2020. Is féidir le gach TechSpásóir a bhfuil suim acu i gcúrsaí fuaime cur isteach ar an gcatagóirí seo.
Beidh duaiseanna ar fháil ar an 28ú lá sna gcatagóirí –
– Léiriú Fuaime is Fearr, Grianghraf is Fearr, Gearrscannán is Fearr, Físeán Ceoil is Fearr agus an Dearadh is Fearr .
Ar códóir thú? Smaointeoir ríomhaireachtúil? Ríomheolaí cruthaitheach?
Déan forbairt ar do chuid smaointí féin, agus bain úsáid as do chuid scileanna le nuálaíocht a léiriú. Scoth na ríomheolaíochta atá uainn anseo! Bronnta ar thionscadal a thugann le chéile gnéithe de ríomheolaíocht, STEAM agus na Meáin Chruthaitheacha.
Beidh duaiseanna ar fháil ar an 28ú lá sna gcatagóirí –
Míreanna Measchta agus Nuálaíocht sa Ríomheolaíocht
Ainmnigh TechSpásóir na Bliana ESB!
Tá an gradam seo oscailte d’oideachasóirí le TechSpásóirí óna ngrúpa a ainmniú. Má tá tú ag obair le TechSpásóir a thug ionspráid duit, déan cinnte go gcuireann tú an t-ainm sin isteach!
Ainmnigh an t-oideachasóir is fearr leat don ghradam Oideachasóir TechSpace na Bliana ESB!
Do na hoideachasóirí an gradam seo. Má tá aithne agat ar oibrí óige, oibrí deonach, nó muinteoir a bhfuil gradam Oideachasóir TechSpace na Bliana tuilte acu, déan cinnte go gcuireann tú iarratas isteach!
Ainmnigh duine óg atá ag cruthú do na glúine romhainn!
Tá sárobair ar bun ag daoine óga TechSpace ó thaobh athrú aeráide de! I mbliana, bronnfar gradam ar dhuine óg a bhaineann úsáid as an teicneolaíocht lena gcuid smaointí ar an ábhar seo a léiriú.
Ainmnigh do chlub deonach!
Déanann an gradam speisialta seo ceiliúradh ar an réimse leathan clubanna agus grúpaí deonacha!
Ainmnigh duine óg nó grúpa i do phobal áitiúil a thacaigh le do TechSpace. Ba bhliain dhúshlánach ó thaobh an oideachais de í 2020, ach spreagadh croth na nuálaíochta. Ainmnigh duine óg nó grúpa ó do theach nó ó do phobal áitiúil a thacaigh leat dul i mbun na cruthaitheachta, na cumadóireachta agus an inspreagaidh in ainneoin na ndeacrachtaí. Ceannródaíocht chun ár mianta go léir a fheabhsú!
Ainmnigh grúpa nó duine óg atá ag obair go cruthaitheach agus digiteach lasmuigh d’Éireann. Tugaimid cuireadh daoibh bhur dtionscadail a sheoladh isteach agus daoine óga ó áit ar bith ar fud na cruinne a ainmniú! Thug an ghéarchéim dhomhanda níos gaire dá chéile muid, agus i mbliana, is féidir le duine ar bith a bheith páirteach go digiteach. Mar sin, bí páirteach!
Seol isteach do thionscadal cruthaitheach trí insint dúinn faoi anseo!
Mura bhfuil tú cinnte faoi aon rud, nó má tá cúnamh ar bith de dhíth agus tú ag tabhairt faoi do thionscadal, nó á chur isteach go ESB Creative Tech Fest ar an 28 Deireadh Fómhair, téigh i dteagmháil, le do thoil, le Bainisteoir Clár TechSpace, Jen Hesnan, ar jenniferhesnan@camara.ie. Sin nó is féidir teagmháil a dhéanamh le d’Oideachasóir TechSpace áitiúil le treoir a fháil conas cur isteach ar na gradaim.
I mbliana, beidh deis ag gach tionscadal atá curtha isteach mar chuid de ghradaim ESB Creative Tech Fest a bheith mar chuid de Thaispeántas Réaltacht Fhíorúil ESB Creative Tech Fest!
Cabhraíonn Líonra Ar Líne TechSpace le hoideachasóirí atá ag obair le daoine óga teicneolaíocht a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus timpeallachtaí foghlama a chruthú a ligeann do dhaoine óga a lánchumas a bhaint amach ach acmhainní atá dírithe ar thorthaí a chur ar fáil mar aon le tacaíocht leanúnach a bhaineann go sonrach le hábhair faoi leith agus deis piarfhoghlama.