Duais Mhíosúil ESB TechSpace

Gach mí roghnaímid buaiteoir ó iontrálacha ESB CTF. Mar sin, seol isteach do chuid tionscadal agus bí sa seans ar dhuias iontach a bhuachaint roimh cheiliúradh ESB Creative Tech Fest!

Jenna Cook, Ballina NYP

Buaiteoir Mhí Iúil 2020

Jenna Cook, Ballina NYP

Look What You Made me Do

Is beochan Lego é seo den bhfíseán Taylor Swift is fearr liom. Táim naoi mbliana d’aois, agus d’fhoghlaim mé conas beochan íomhá ar íomhá a dhéanamh nuair a bhí mé saor ón scoil. Rinne mé mé féin é, agus tá breis is 1,000 pictiúr ann. 

Tá paca grianchumhachta oideachasúil buaite ag Jenna agus ábhar micro:bit! 

Mc Samra, St Fergals Finglas After School

Buaiteoir Mhí an Mheithimh 2020

Mc Samra, St Fergals Finglas After School

Anxiety

Freagra é an físeán seo ar rap Shaun agus é ag dul i ngleic leis an dúlagar imní. Chaith an grúpa am ag féachaint ar mheabhairshláinte, agus, ag baint úsáide as rap Shaun, chruthaigh siad léirshamhlú den taithí atá aige. 

Bhuaigh Mc Samra SkriBot dá n-eagraíocht!

Oisin Flynn, Cumasu centre, Ard resource centre, Eastside youth service, Doughiska, Galway

Buaiteoir Mhí Bealtaine 2020

Oisin Flynn, Cumasu centre, Ard resource centre, Eastside youth service, Doughiska, Galway

AUTISTICALLY AWESOME

Thosaigh an tionscadal AUTISTICALLY AWESOME dhá bhliain ó shin. Tá forbairt déanta air ó shin agus is comhrá eisceachtúil é faoi tionchar atá ag an uathachas ar Oisín, agus a shaol ó lá go lá. Is beochan cúig nóiméad cumachtach é, cruthaithe trí chódú le Scratch. 

 

Oisin won an Adobe Creative Cloud Licence for one year!

Adam Ó Cuinneagáin

TechSpásóir na Bliana 2019!

Adam Ó Cuinneagáin

D’fhás Adam Ó Cuinneagáin leis gclár ó thosaigh sé, agus tá a rannpháirtíocht ina chlub ríomhaireachta áitiúil ríthábhachtach don rath atá ar an gclub sin. Cuireadh oiliúint ar a mhúinteoir, Bairbre, mar chuid den chlár TechSpace in 2016 ó Choláiste an Eachréidh i mBaile Átha an Rí. I mbliana bhuaigh sé gradam as cluiche a d’fhorbair sé i mí na Márta ag Tech Féile (Códóir is Fearr), ach ní raibh ann ach tús an turais, mar gur lean sé air ag fás agus ag forbairt i rith na míonna, go háirithe le linn a thréimhse mar ambasadóir le Cruinniú na nÓg do Éire Ildána.

Chuaigh sé i gcion arís eile ar na moltóirí ag an Creative Tech Fest in 2019 san Ionad Comhdhála i mBaile Átha Cliath. D’fhorbair sé cluiche Réaltachta Fíorúla bunaithe ar bhabhláil. Luaigh na moltóirí go raibh caighdeán agus leibhéal an tseachadta eolaíochta ríomhaireachta a bhí ag Adam i bhfad Éireann ní b’fhearr ná códú a rinne aon duine óg eile ar fud Líonra TechSpace.

Tá bliain iontach roimh Adam mar ESB TechSpacer na Bliana, lena n-áirítear tacaíocht dó leanúint lena gcruthúcháin eolaíochta ríomhaireachta a fhorbairt, inspioráid trí chomhpháirtithe tionscail agus deiseanna dá Chlub Ríomhaireachta TechSpace am lóin chun a gcuid smaointe a fhorbairt. Tá Foireann an Chláir TechSpace ag súil le heachtraíocht iontach a chur ar fáil dó in 2020.

Tracey Moore

Oideachasóir na Bliana 2019!

Tracey Moore

Tá Tracey agus an fhoireann ag Youth Work Midlands ag baint úsáide as raon cleachtas san obair óige digiteachta agus cúinsí mar atá faoi láthair. Is fada Tracey ag cothú na hoibre óige i réimse na digiteachta agus tá sí ag cruinniú acmhainní le tamall. Ar chuid de na hardáin digiteachta atá Tracey a úsáid tá Flipgrid, Actionbound, agus Jitsi. Ghnóthaigh daoine óga lena mbíonn sí ag obair deontas an ealaíontóra cónaithe agus bhí siad ag obair ar fhíseáin treoracha a dhéanamh. 

Déan Teagmháil Linn

Cuir tús le do thuras

Cuir tús le do thuras

Is féidir níos mó eolais a fháil faoinár gclár oiliúna nó a fháil amach an bhfuil tú i dteideal ceann de thionscadail mhaoinithe TechSpace ach teagmháil a dhéanamh linn.

250
Ballsuíomh Techspace
458
Oideachasóir TechSpace
12000
TechSpacer Gníomhach