Reáchtálfar an Clár Teastais Leibhéal 8 NUI Digital Creativity in Youth Settings idir Meán Fómhair 2019 agus Bealtaine 2020.
Tá áthas orainn a fhógairt go mbeidh an Teastas sa Chruthaitheacht Dhigiteach i dTimpeallachtaí Óige ar oscailt d’iarratais idir Feabhra agus Márta 2019.Is clár léinn páirtaimseartha é an teastas le Roinn an Staidéir Shóisialta Fheidhmigh in Ollscoil Mhaigh Nuad.
Iarratais ar Oscailt Anois
2019/2020 Teastas OÉ i gCruthaitheacht Dhigiteach i dTimpeallachtaí Óige – Leibhéal 8.
Tá áthas orainn seoladh an chláir theastais 2019/2020 a fhógairt. Is clár léinn páirtaimseartha é an teastas le Roinn an Staidéir Shóisialta Fheidhmigh in Ollscoil Mhaigh Nuad i gcomhpháirtíocht le Camara Education Ireland agus an clár TechSpace. Feileann an teastas oibrithe óige agus oideachasóirí ar mian leo speisialtóireacht a fhorbairt i réimse na cruthaitheachta digití atá ag teacht chun cinn i dtimpeallachtaí óige, agus úsáid á baint as an teicneolaíocht mar uirlis chun gníomhaíochtaí foghlama do dhaoine óga a fheabhsú. Tá an clár struchtúrtha thart ar 100 uair an chloig de theagasc a chuirtear ar fáil i mbloic dhá lá chun freastal ar dhaoine atá ag obair, agus a chaithfidh taisteal. Spriocdháta d’iarratais: Dé Luain, an 20 Bealtaine 2019. Ní mór d’iarratasóirí 21 bhliain d’aois a bheith slánaithe acu an 1 Eanáir 2019.
Conas iarratas a dhéanamh?
Íoslódáil Bróisiúr an Teastais 2019/2020
Íoslódáil Foirm Iarratais 2019/2020
Seol isteach an fhoirm iarratais faoin spriocdháta – an 20 Bealtaine 2019
Agallaimh
Reáchtálfar agallaimh teileafóin / ar líne le linn seachtainí 20 agus 27 Bealtaine 2019.
Áiteanna a Dheimhniú
Deimhneofar áiteanna ag tús mhí na Bealtaine 2019.
Táillí a Íoc
Ní mór táillí a íoc ina n-iomláine faoin 31 Bealtaine 2019.
Le gach eolas le fáil ach ríomhphost a sheoladh chuig:
Janice Feighery – janicefeighery@camara.ie